Skip to content

You are not logged in. Register orLog In

start:

Bogearra den scoth, chomh maith agus a bhí sé ariamh, anois as Gaeilge

In English

Leagan 2.1 ar fáil anois! (Preasráiteas)

Íosluchtaigh:

 Windows
 Linux (x86 - rpm)    Linux (x86 - deb)
 Mac OS X (X11 - PPC)    Mac OS X (X11 - Intel)


Fáilte go dtí togra logánaithe OpenOffice.org

Grúpa beag saorálaithe sinn a bhfuil ceangal orainn bogearraí saora a chur ar fáil trí Ghaeilge (ghlac cuid againn páirt i dtograí logánaithe Firefox agus Audacity, mar shampla). Más mian leatsa páirt a ghlacadh in aistriú, profáil, tástáil, nó gné ar bith eile den togra, scríobh chugainn ag dev@ga.openoffice.org.

Sraith feidhmchlár iomlán "foinse oscailte" agus "caighdeán oscailte" is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce, agus tuairiscíonn clár cinn OpenOffice.org gur íoslódáladh 49 mhilliún cóip de go nuige seo. Tá leagan 2.0 ar fáil i 60 teanga.

Céard atá ann?

  • Writer: Próiseálaí Focal fuinniúil lenar féidir leat doiciméid, tuarascálacha, nuachtlitreacha agus bróisiúir a chruthú.
  • Calc: Scarbhileog atá lán le gnéithe sainiúla.
  • Impress: An modh is tapúla chun taispeántais ilmheáin a chruthú.
  • Draw: Cuirfidh an clár seo ar do chumas idir léaráidí simplí, léiriúcháin bhríomhara thríthoiseacha, agus maisíochtaí éagsúla a dhéanamh.
  • Base: Clár láidir a thabharfas na huirlisí cuí duit gnáthobair bunachar sonraí a dhéanamh go simplí ar bhonn scarbhileoig.
  • Math: Clár a chuidíonn leat obair le cothromóidí matamaiticiúla.

Gheobhaidh tú cursíos iomlán ar ghnéanna na sraithe anseo:

Gheobhaidh tú liosta de na gnéithe a tugadh isteach i seanleaganacha de OpenOffice.org anseo: